Fógairt Ghearrliostaí Ghradaim An Post 2025
Blag le: Úna Nic Cárthaigh
Ar oíche dhorcha fhómhair, bhailigh slua mór ó dhomhain na litríochta in Ard-Oifig an Phoist agus iad in oirchill ar fhógairt Ghearrliostaí Ghradaim An Post 2025. Sa mhórsheomra chun tosaigh a bhí an ócáid ar siúl agus scleondar le braith san aer go nochtfaí cé a bhí tofa sna catagóirí éagsúla. Bhailigh údair, craoltóirí, foilsitheoirí, maisitheoirí agus teaghlaigh le chéile ag ól gloine fíona agus ag baint taitneamh as na sóláistí; daoine tarraingthe anseo is ansiúd chun grianghraif a thógáil nó físeán a thaifead. Chaith roinnt daoine súil ar na leabhair a bhí leagtha ar dhá sheilf ar an ardán chun na hainmniúcháin a oibriú amach dóibh féin. Chualathas béic áthais agus “comhghairdeas!” nuair a d’aithin cairde agus comhleacaithe a chéile agus thug siad faoi deara go raibh ainmniúcháin faighte acu.

Ar dtús, labhair Stiúrthóir Feidhmiúcháin Irish Book Awards, Alastair Giles faoin mborradh atá ar na gradaim gach bliain agus d’aithin sé leithead agus doimhneacht na tallainne in Éirinn faoi láthair. Ar an scáileáin mór ansin, taispeánadh na leabhair ar fad a bhí ainmnithe le glór binn craoltóir teilifíse & raidió Shinéad Ní Uallacháin ag fógairt cé hiad a bhí roghnaithe sna 19 catagóir.
Tá na Gradaim An Post fiche bliain ar an bhfód i mbliana agus seo an t-ochtú bliain de Love Leabhar Gaeilge le Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana. Fógraíodh Dé Céadaoin an 22 Deireadh Fómhair go bhfuil ceithre leabhar ficsin ainmnithe don ghradam sin: An Bhlaosc sa mBois le Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht), Fiche le Colm Ó Ceallacháin (Leabhar Breac), Scéalta Nollag le Alan Titley (LeabhairCOMHAR) agus Bódléar le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac).
Ag léiriú leithead agus doimhneacht na tallainne a luaigh Alastair Giles níos luaithe, clúdaítear réimse leathan ábhar sna ceithre leabhar sin ó fabhalscéalta Nollag, chuig scéal bunaithe ar áras máithreacha agus naíonán i dTuaim, chuig scéal diostóipe lonnaithe i gCorcaigh sna seachtóidí. Bhí ard-ghiúmar ar Alan Titley agus Micheál Ó Conghaile a bhí i láthair agus iad sásta agus bródúil as an aitheantas dá leabhair.

Bhí tuilleadh ceiliúradh le déanamh mar gheall ar leabhair Ghaeilge, áfach, nuair a fógraíodh go bhfuil An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin (Futa Fata) ainmnithe i gcatagóir na bpáistí (sóisear). Is éacht mhór í seo i stair fiche bliain na ngradam mar gurb é an chéad uair riamh ar ainmníodh leabhar Gaeilge taobh amuigh den chatagóir Gaeilge. Bhí Sadhbh ar bís ar fad ar an oíche agus í ag rá nach gcreideann sí fós é! Bhí maisitheoir an leabhair, Anastasia Melnykova ón Úcráin i láthair ar an oíche freisin chun toradh a saothair a fheiceáil agus ba chúis mhór bhróid í a healaín álainn a fheiceáil ar an ardán.

Bhí an Ghaeilge chun cinn i gcatagóirí eile freisin, le leabhar Hector Ó hEochagáin An Irish Word a Day (Gill Books) agus Ninety-Nine Words for Rain (Gill Books) le Manchán Magan ainmnithe sa chatagóir Best Irish-Published Book. Tá The Gaeilge Guide le Mollie Guidera (Hachette Books) ainmnithe sa chatagóir The Last Word Listeners’ Choice Award. Tugadh bualadh bos mór croíúil nuair a glaodh amach ainm Mhanchán a fuair bás ag tús na míosa seo.
Agus mé ag cur ceisteanna ‘Seo nó Siúd’ ar Alan Titley tar éis na hócáide, bhí ceist amháin ann: an fearr leat leabhar amháin nó go leor leabhar a léamh ag an am? Dúirt sé gur maith leis iliomad leabhar a léamh ag an am agus is cinnte nach mbeidh easpa rogha aige agus litríocht na Gaeilge ag dul ó neart go neart gach lá beo mar a léiríodh in Ard-Oifig an Phoist Dé Céadaoin, 22 Deireadh Fómhair.

Comhghairdeas ó chroí leis na scríbhneoirí, foilsitheoirí agus maisitheoirí ar fad agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as na seachtainí atá romhainn!
Is féidir leis an bpobal a vóta a chaitheamh ar na gradaim idir seo agus an Domhnach 16ú Samhain. Fógrófar na buaiteoirí ar an Déardaoin 27 Samhain agus craolfar an clár teilifíse ar an 11 Nollaig.