Cló Iar-Chonnacht 40 bliain ar an bhfód

Tá foilsitheoirí Gaeilge ina gcroílár den iarracht an Ghaeilge a chaomhnú, a fhorbairt agus a chur chun cinn i saol an lae inniu. Trí shaothair liteartha, oideachasúla agus chultúrtha a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, tá foilsitheoirí Gaeilge ag cothú pobail léitheoireachta bríomhara agus ag cur le féiniúlacht chultúrtha na tíre. Gan a leithéid, bheadh an Ghaeilge i bhfad níos laige i saol na leabhar.

I mbliana, tá cúis mhór cheiliúrtha ag Cló Iar-Chonnacht, atá 40 bliain ar an bhfód agus a bhfuil rian láidir fágtha acu ar shaol na foilsitheoireachta Gaeilge. Tá siad ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta Gaeilge is mó sa tír, le cúigear fostaithe go lánaimseartha acu agus siopa acu ar líne chomh maith – cic.ie

Is é Micheál Ó Conghaile a bhunaigh an teach foilsitheoireachta in 1985 nuair a bhí sé ina mhac léinn ollscoile i nGaillimh, agus chaith sé 35 bliain ag stiúradh an chomhlachta. Is iomaí duais liteartha atá buaite aige ó shin, idir duaiseanna liteartha Oireachtais agus Duais Hennessy i measc go leor eile. Cé gur éirigh sé as an stiúradh sa bhliain 2019, tá sé fós gníomhach i saol an chomhlachta, agus is í Deirdre Ní Thuathail a ghlac cúram an chomhlachta uirthi féin.

Suite ar an Spidéal i gConamara, is í an phríomhaidhm atá ag Cló Iar-Chonnacht ná caomhnú agus cur chun cinn teanga agus chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta. Le 40 bliain anuas, tá os cionn 500 leabhar Gaeilge idir fhilíocht, úrscéalta, leabhair do pháistí agus leabhair neamhfhicsin agus na céadta albam ceoil foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.

Cló Iar-Chonnacht

Déanann Cló Iar-Chonnacht agus foilsitheoirí eile i réimse na foilsitheoireachta Gaeilge sárobair ag cur leabhair Ghaeilge ar fáil in Éirinn agus níos faide i gcéin, agus ag cur teanga na Gaeilge chun cinn ar gach leibhéal.

Cló Iar-Chonnacht

Comhghairdeas ó chroí le Cló Iar-Chonnacht as an obair luachmhar atá déanta acu le dhá scór bliain anuas, agus guímid gach rath orthu sna blianta amach rompu.

Cló Iar-Chonnacht