Samhradh ciúin in Éirinn? Beag seans! Tá ceann de sheoda móra na tíre goidte as an Ard-Mhúsaem agus tá cailís ríluachmhar imithe ó láthair sheandálaíochta ar oileán ar Loch Deirgeirt: Oileán na Rún!. Tá ceangal mistéireach idir an dá eachtra gadaíochta sin agus seanteach mistéireach i mBaile Átha Cliath, agus is iad Mac Dara agus Ána amháin, beirt déagóirí ar cuairt as Nua-Eabhrac, a thuigeann an ceangal sin.
An dtiocfaidh Mac Dara agus Ána slán ó dhrong smuglálaíthe idirnáisiúnta? An éireoidh leo teacht ar na seoda náisiúnta? Agus an bhfeicfidh siad a dtuismitheoirí go deo arís?