Bliain 19 sa Ré Úr. Am a bhfuil deireadh leis an saol a bhfuil aithne againn air agus cónaí ar an daonra i mBithsféir fud fad an domhain. Is i mBithsféar 9 atá Emma agus Zara lonnaithe. Ar bhreithlá Emma, í seacht mbliana déag d’aois, roghnaítear í don chúrsa is tábhachtaí sa choláiste, dar leis na hÚdaráis. Ach céard atá i ndán dá cara, Zara, nach bhfuil chomh cliste céanna léi? An gcuirfear chuig Feirm na bhFéatas í le bheith ina síolraitheoir?