10 leabhar Gaeilge don Nollaig.
Aimsigh an scéal is ansa leat!
Agus an Nollaig ag teannadh linn go sciobtha, an bhfuil tú ag lorg smaoineamh ar bhronntanais den scoth le ceannach? Tá liosta iontach de leabhair a dhéanfadh bronntanais den scoth do gach uile dhuine ar do liosta siopadóireachta i mbliana curtha le chéile ag Love Leabhar Gaeilge.
Tá 4 leabhar breá againn i nGaeilge do na páistí i do shaol, leabhair a chuirfidh beagán draíochta ina saol agus a d’fhéadfadh cineál cumha i ndiaidh a n-óige a spreagadh sna léitheoirí níos sine.
Tá an carr sleamhnáin ag cur thar maoil. Tá na réinfhianna réidh le bóthar a bhualadh. Tá Daidí na Nollag ag léamh a liosta babhta amháin eile. Bí páirteach sa bhfuadar!
Téigh ar eachtra le Buairtín, sicín a bhfuil saol crua aici, ach a thugann aghaidh ar an saol mór le croí agus fuinneamh. Nó, má tá leabhar uait lán den dea-chaint agus den aoibhneas lean an scéal faoi Chóilín agus Puisín na mBróg, an cat a d’fhág a athair aige. Ach ní gnáthchat ar bith é an cat seo ar ndóigh!
Ní bheadh sé ina Nollaig gan Bran, an coileán a thaitníonn chomh mór sin linn. Oíche Nollag atá ann, agus tá Bran ar bís agus é ag cuidiú páipéar a chur ar na bronntanais agus an Crann Nollag a mhaisiú.
An bhfuil bronntanais le ceannach agat do dhéagóir nó d’aosach óg? Seo 3 leabhar a d’fheilfeadh go breá.
Cnuasach gearrscéalta is ea Evan agus Emily a chuireann an-bheocht sna heispéiris a bhíonn ag déagóirí agus pléitear na dúshláin, na caidrimh agus an tsamhlaíocht a bhíonn ag dream óg na linne seo ar bhealach macánta agus croíúil.
Nó b’fhéidir gur úrscéal bleachtaireachta lán aicsin atá uait? Coinneoidh Katie agus an Pacáiste Rúnda léitheoirí ag tomhais trí choraí agus castaí an scéil, atá fite fuaite go cúramach.
Is cinnte go dtaitneoidh Dhá Shaothar Déag Asterix go mór leis an dream a bhfuil dúil acu sna greannáin. Athinsint ar an scéal i bhfoirm pictiúrleabhar Gaeilge atá athmhaisithe is ea albam maisithe Asterix. Tá liosta de stór focal úsáideach chomh maith le reachtaireacht ag dul leis agus iad ar fáil trí chód QR.
Má tá léitheoirí fásta ar do liosta a dtaitníonn pictiúrleabhair mhaithe leo, is athinsint é Sadhbh ar an seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile agus é dírithe ar léitheoirí fásta. Scéal cliste greannmhar atá ann faoi bhean óg a n-éiríonn léi cor in aghaidh an cháim a thabhairt do na fir – Rí Chúige Mumhan go mór mór.
Dhéanfadh An Saol Sona bronntanas iontach don léitheoir a bhaineann sásamh as dul i ngleic le húrscéal maith. Aistriúchán go Gaeilge atá anseo ar scéal ina bhfuil an príomhcharachtar, Éric, ag iarraidh a oibriú amach cén chaoi a ndeachaigh a shaol chomh mór chun donais. Tar in éineacht le Éric ar a thuras agus é ag iarraidh tuiscint a fháil ar na rudaí atá tábhachtach sa saol.
Má tá féirín beag uait don té a bhaineann taitneamh as an bhfilíocht, cnuasach dánta atá cosúil le brionglóidí beaga is ea I Muinín na nDúl; seoda smaointeoireachta, curtha i bhfoirm Haiku, a thugann léargas áirithe dúinn. Dánta beaga, ag plé le ceisteanna móra.
Níl anseo ach rogha de leabhair Ghaeilge. Mura bhfuil an rud a theastaigh uait aimsithe agat fós, téigh chuig LoveLeabharGaeilge.ie áit a bhfaighidh tú tuilleadh inspioráide agus a dtiocfaidh tú ar an scéal is ansa leat an Nollaig seo. Ach an dtabharfaidh tú uait mar bhronntanas é, nó an gcoinneoidh tú duit féin é… Sin í an cheist!