Léirmheas le: Úna Nic Cárthaigh
Ar Lá Domhanda na Leabhar i mbliana, bhí seans ag páistí bualadh leis an gcailin óg cróga spraoíúil leis an ngruaig rua, Rita. Ní seo an chéad leabhar le Rita, tá sraith ann ina bhfuil naoi leabhar: Rita agus an Díneasár (2017), Rita agus an Ninja (2017), Rita agus an Róbat (2017), Rita agus an Chailleach (2018), Rita agus an Fathach (2021), Rita agus an Lampa Draíochta (2021), Rita agus an tSíóg Mhaith (2022), Rita agus an Drágún (2023) agus Rita agus an tEachtráin (2023). Tá an-tóir ar na leabhair seo agus rinneadh cartún díobh a craoladh ar Cúla4 anuraidh.
Sa scéal seo, tá Rita ag ceapadh gur bhreá léi eitilt i spáslong go dtí plainéad eile agus eachtrán a bheith aici mar chara. Tuigeann sí go gcuirfeadh eachtráin a saol bunoscionn agus nach mbeadh gach rud éasca faoi: bheadh uirthi teanga nua a fhoghlaim, bia nua a ithe, agus d’aireodh sí óna clann sa bhaile. Agus, dá dtabharfadh sí a cara eachtráin chuig a baile ar an domhain, bheadh orthu dul tríd na rudaí céanna agus chabhródh sí leo. Déanann Rita rudaí barrúla leis na heachtráin agus déanann na heachtráin rudaí samhnasacha freisin, ach feicimid comhbhá Rita freisin agus í ag iarraidh a bheith tuisceanach dóibh.
Is scéal álainn, simplí é seo a leanann an pátrún a bhaineann leis na leabhair eile sa tsraith seo: cailín óg le samhlaíocht dhochreidte ag samhlú créatúr éigin aisteach a bheith mar chara aici agus na dushláin a bheadh le sárú.
Tá Gaeilge álainn Uladh ag Máire Zepf agus ní chuireann sí focal amú – deireann sí go leor in aon abairt amháin. Bainfidh páistí óga taitneamh as an imeartas focal atá ann leis an údar ag cumadh teanga na n-eachtráin “binc bonc búúp zúp Rita bíc fosta!”
Tá léaráidí an mhaisitheora, Mr Ando, iontach oiriúnach don téacs agus é lándaite le línte tiubhe dubha a chuireann go mór le stíl an leabhair. I lár an leabhair, nuair a deir Rita go gcuirfidh na heachtráin a saol bunoscionn, tá ar na léitheoirí an leabhar a iompú bunoscionn nuair a théimid suas sa spás! Tá seo an-chliste go deo agus bainfidh léitheoirí óga spraoi as an leabhar a chasadh bunoscionn agus ar ais arís.
Don leagan speisialta den leabhar do Lá Domhanda na Leabhar, tá an cruth cearnógach fós ar an leabhar ach é deas beag agus éasca le lámha beaga le láimhseáil. Tá dhá leathanach nua ag an deireadh le moltaí don chéad leabhar eile a roghnú agus moltaí chun nósanna léitheoireachta a chothú.
Tá an leabhar seo iontach don léitheoir óg agus cuirfidh sé iad ag samhlú rudaí iontacha ina gcloigne féin! Seoid de leabhar don lá speisialta seo a mheallfaidh léitheoirí isteach i saol Rita.