Léirmheas le: Úna Nic Cárthaigh
San úrscéal gearr nó noibhile seo tugtar siar chuig ‘baile beag ar an gcósta thiar’ san 19ú haois muid. Tréimhse ina raibh an-mheas ar an traidisiúin béil, ar an bhfilíocht agus ar an gceol, agus ar an ngaol speisialta a bhí ag an tír seo leis an bhFrainc ach go háirithe trí Cúirt na bhFilí. Tugtar tús áite do na healaíona sa bhaile beag seo ach go háirithe agus ag tús an leabhair tá an pobal ar tinneall chun bualadh leis an máistir scoile a bhí mar ionadaí dóibh ag Cúirt na bhFilí ó dheas i gCromadh. Ach nuair a fhilleann an máistir, tá droch-ghiúmar air agus deir sé ‘tá deireadh le héigse’. Níl aon mheas aige níos mó ar an tsean-fhilíocht agus deir sé go bhfuil sé chun filíocht ‘níos fírinní’ a scríobh as seo amach. Buailimid le cliar carachtar ón mbaile beag seo agus iad ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart agus file nua a thoghadh in áit an mháistir.
Is noibhile thar a bheith cliste é seo a chuireann téama úr agus éagsúil in iúl dúinn ar bhealach atá greannmhar agus ealaíonta ag an am céanna. Is léir go raibh spraoi ag an údar leis an bhfoirm agus leis an amlíne stairiúil agus pléann sé ní hamháin na hathruithe a bhí ag teacht ar chúrsaí filíochta agus ealaíona sa tír, ach athruithe a bhí ag teacht ar an sochaí ina iomlán. Feicimid cumhacht an tsagairt ag dul in éag agus ról na mban sa tsochaí ag an am nuair nach féidir ban-fhile a chur ag an bhféile.
Mar is dual don údar Darach Ó Scolaí, ní chuireann sé focal amú agus bainfidh léitheoirí taitneamh as an saibhreas teanga, an greann agus an spraoi atá i gceist leis an scéal mealltach seo. Tá an cruthú domhanda den chéad scoth agus cur síos ealaíonta déanta ar an gceantar atá ‘crochta idir sliabh agus cladach’. Ón gcéad leathanach, tumtar an léitheoir go hiomlán sa domhan beo seo.
Tá an greann go smior tríd an leabhar, go mórmhór tríd na gcarachtar ar fad ón mbaile beag. Agus iad sa tóir ar ionadaí nua do Chúirt na bhFilí, tá na comhráite, an chúlchaint agus na ráflaí ar fad an-bharrúil ar fad. Chomh maith leis sin, feicimid daoine ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile ó thaobh na filíochta de, a n-aineolas a cheilt maidir le céard a chiallaíonn an focal ‘rancás’ ann nó céard is ann don cafetiere atá faighte ag Bódléar. Tá stór focal dochreidte sa leabhar chun cur síos a dhéanamh ar dhaoine ach go háirithe, mar shampla buailimid le ‘malrach seang buí faoi mhullach catach fionnbhán’, ‘aircín beag sagairt’ agus ‘reanglamán fada mí-ásach amháin’. Déantar cur síos ar mhná a bhfuil ‘gearradh is fionnadh iontu’.
Is máistir é Darach Ó Scolaí ar scríobh an fhicsin stairiúil agus tá an t-úrscéal seo chomh pléisiúrtha agus sásúil le léamh. An éireoidh leis an máistir filiócht níos fírinní a scríobh? An dtoghfaidh muintir na háite ionadaí nua do Chúirt na bhFilí? An oibreoidh na daoine amach cad is ‘rancás’ ann?! Bainfidh léitheoirí súp as sin agus tuilleadh a fháil amach sa tseoid seo.
Beidh ar Dharach déanamh cinnte go bhfuil a dhóthain spás ar an matal aige agus moladh thar na bearta faighte ag Bódléar ó foilsíodh é agus é tuillte go maith. Ní hamháin gur bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta) ar an leabhar ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais i mí Mheán Fómhair, ach d’ardaigh Darach Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana ag na An Post Irish Book Awards ar an 27 Samhain. Treise leat a Dharach!