Bearradh Gruaige d’Eoinín

Bearradh Gruaige d’Eoinín

Aithneoidh léitheoirí idir óg agus aosta an t-uainín beag gleoite Eoinín ón tsraith álainn ina bhfuil cúig leabhar anois ann. Seo an ceathrú leabhar sa tsraith sin, foilsíodh é i 2024 agus ainmníodh é ar Ghearrliosta Ghradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann 2025. Ní haon ionadh go bhfuil sé ag fáil aitheantais den sórt seo idir an dea-scríbhneoireacht agus an maisiúcháin mealltach.

Sa scéal seo, tá ar Eoinín dul chuig an ngruagaire mar go bhfuil a ghruaig cosúil le nead éin! Is maith leis roinnt rudaí ann: boladh deas ón seampú agus an teas ón triomadóir ach bíonn sé neirbhíseach nuair a fheiceann sé an siosúr ag teacht amach – caithfidh an léitheoir a bheith mar chara aige agus misneach a thabhairt dó.
Go fisiciúil, tá an leabhar seo idéalach do lámha beaga idir an cairtchlár láidir, an cruth cearnógach agus a mhéid beag a dhéanann é éasca le láimhseáil. Úsáideann an maisitheoir Róisín Hahessy dathanna geala pastalacha sa leabhar atá thar a bheith mealltach don tsúil. Chomh maith leis sin, tá aghaidh Eoinín an-éasca le léamh – beidh a fhios ag léitheoirí nuair atá sé sásta agus nuair nach bhfuil! Tá cló mór soiléir ann freisin atá an-tábhachtach do léitheoirí atá ag tosú amach.

Tá spraoi agus beocht ag baint le stíl scríbhneoireachta Mhuireann Ní Chíobháin agus labhraíonn sí go díreach leis an léitheoir. Bainfidh páistí taitneamh as na horduithe a thugann sí agus is féidir leo páirt ghníomach a ghlacadh sa scéal: tá ceisteanna ann ar nós “an bhfeiceann tusa Eoinín?” agus tá orduithe ann freisin “beir ar lámh Eoinín” agus “brúigh an cnaipe”. Is deas an cur síos ar an athrú a thagann ar ghruaig Eoinín ó ‘nead éin’ chuig ‘néal bog néata’ agus tá sonraí beaga deasa le haithint ó na pictiúir.
Tá spraoi leis an bhfoclaíocht freisin, caithfidh páistí na focail “Sobailín Bobailín, Sobailín Bobailín” a rá nuair atá an seampú ag dul isteach sa ghruaig, tá rím ann “tá an teas go deas” agus is cinnte go mbeidh páistí ag déanamh fuaim an triomadóra “vúúúúúúúúúu!” Tá an foclóir simplí agus na habairtí soiléir agus é éasca le léamh ag tuismitheoirí agus caomhnóirí le gach saghas cumas teangan.

Mar is dual don tsraith Eoinín, pléitear cúrsaí a bhaineann le saol an duine óig agus is deas an ceann seo do pháistí atá ag dul chuig an ngruagaire den chéad uair nó páistí a bhfuil faitíos nó drogall orthu roimh gleo an triomadóra, géire an tsiosúir nó duine difriúil. Agus is cinnte go gcuirfeadh an leabhar seo ar a suaimhneas iad.
Tá ábhar agus cur i láthair an leabhair seo go mór in oiriúint do pháistí aois 0-6 agus aithneoidh páistí iad féin i scéal Eoinín. Tá gach rud faoin leabhar seo páiste-lárnach agus beidh páistí ag súil go mór leis an gcéad leabhar eile sa tsraith!

Léirmheasanna Iontacha Eile