Tá brón ar Mholaí agus í ag iarraidh sos ón domhain digiteach. Tagann Lus na mBan Sí i gcabhair uirthi chun í a thabhairt ar thuras in éineacht lena madra tríd an dúlra chun sos inchinne a fháil agus chun cur i gcuimhne di an draíocht a bhaineann leis an dúlra. Tosaíonn a haistear ar bharr crainn agus téann sí síos chuig an féar fada ag fás, ag iascaireacht thar dhroichead, ag snámh ar an bhfarraige leis na muca mara agus ag suí ar dhíon an tí istoíche.
Is scéal álainn speisialta seo le Gaeilge cheolmhar, fhileata Uladh ón aistritheoir Eoghan Mac Giolla Bhríde. Tá stíl eisceachtúil agus idirdhealaithe ag an mínealaíontóir a mhaisigh an leabhar, Aileen Crossley. Rinneadh na léaráidí ar fad de láimh agus priontáladh iad mar liteagraif dhaite. Níl ach trí nó ceithre dhath ar aon leathanach amháin, rud a chuireann go mór le scéal atá ag iarraidh inchinn chailín óg a shuaimniú ón saol fíorúil. Cuireann stíl ealaíne an leabhair stíl na n-ochtóidí i gcuimhne dom agus is breá liom an úire, an éagoitinne agus an tsimplíocht a bhaineann leis na léaráidí.
Dúirt Aileen Crossley gur thug cuairteanna chuig a Mamó i Loch Garman nuair a bhí sí níos óige ionspioráid di don leabhar seo chomh maith leis na logainmneacha agus téarmaí draíochtúla ar fad atá againn d’ainmhithe agus do phlandaí in Éirinn. Tá imeartas focal ann agus clisteacht ag baint leis na hainmhithe a roghnaigh Aileen agus an léiriú a rinneadh orthu. Mar shampla, ní Bóín Dé atá ann ach bó bheag. Seachas deilf a fheiceáil leis an muc mara feicimid ainmhí níos cosúla le muc. Seachas eas a fheiceáil, feicimid seanbhean uasal! Seachas an bláth Lus na mBan Sí á tabhairt ar thuras, tá síóg nó ban sí beag álainn ann. Tá gluais bheag ag tús an leabhair ag taispeáint na gcarachtar seo ar fad.
Is scéal ilchéadfach é sa chaoi is go n-impíonn Lus na mBan Sí ar Mholaí (agus ar an léitheoir) na céadfaí a úsáid chun ceangailt a dhéanamh leis an domhain nádúrtha timpeall orainn. Mar shampla; “cuimlíonn an solas breac d’aghaidh”, “glac sos agus éist”, “abair ‘dia dhuit’ leis an mbóín Dé”, “ól tae”, “damhsaigh leis na portáin”, “féach ar an ngealach”. De réir mar a théann an turas ar aghaidh, is léir go bhfuil Molaí ag éirí níos suaimhní inti féin agus meabhraíonn Lus na mBan Sí dúinn an maitheas a bhaineann le sos mar seo a thógáil ón saol. Tá faoiseamh le braith, “ligfidh tú osna réidh”, tá an buíochas ann freisin agus tugann Lus na mBan Sí comhairle saoil maith chun fadhbanna a roinnt le daoine, “gur laghdú gach imní, an imní sin a roinnt”.
Tá barróg mhór ó Lus na mBan Sí ag an deireadh ag meabhrú do Mholaí chun teacht ar ais chuici má bhíonn brón ina croí agus meabhróidh sí di faoin áit a n-eitlíonn na madaí crainn.
Is léir go bhfuil suaimhneas agus sástacht faighte ag Molaí ag deireadh an leabhair agus déarfainn go mbeidh sé faighte ag léitheoirí freisin. Leabhar álainn chun an imní a phlé le páistí, tábhacht an nádúir a iniúchadh agus léaráidí áille difriúla a fheiceáil.