Nain

Nain

Údar: Sláine Ní Chathalláin
Maisitheoir: N/A
Foilsitheoir: Oidhreacht Chorca Dhuibhne
ISBN: N/A
Rugadh agus tógadh Nain, Máirín Uí Chathalláin ar Arda Mór, i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí i 1937. Ón lá a phos sí, tá sí ag maireachtaint ar an gCoimín, áitín ana bheag ina bhfuil timpeall 45 duine buailte fúthu. Níor fhág sí Eire riamh. Caitheann sí an lá anois, suite istigh, ag féachaint amach ar Thúr Bhaile Dháith, ag ól fags, ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus ag ithe pé diabhal rud is maith léi, rudaí mílse don gcuid is mó. 86 atá sí. Is breá léi muga cocoa gach aon oíche agus barra seacláide Yorkie agus is breá léi daoine a ghabháil an tig chuici. Tobar eolais agus seanchais is ea mo Nain-se, cloch cúinne de dhuine, bean croí móire, grámhar, fáilteach, seoigh, lán go barra do lúbaireacht is do chraic, de chiall is de chomhairle faoin saol mór.

B’fhéidir go dtaitneoidh siad seo leat freisin..

Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna

Scéalta Nollag

Nollaig Oileánach