Tá cáil mhór ar Ghráinne Ní Mháille i seanchas na hÉireann. Sháraigh sí fir a linne le misneach ar muir agus ar tír. Tá go leor scéalta fúithi cheana i leabhair, drámaí agus ceol. Sa leagan seo, áfach, feicimid í mar fhíordhuine, le croí agus mothúcháin. Taispeántar í mar bhean chéile agus mar mháthair, agus mar a mhúnlaigh an grá, an chrógacht agus an chalaois a saol. Tugann sí dúshlán d’Éilís i i Londain agus ar an bhfarraige mhór.