Tá Eoin, Jeaic agus Ciara fós ina ndlúthchairde agus iad anois sa chúigiú bliain i gColáiste
Aodáin, agus an Ardteist ag teannadh leo. Nuair a théann siad go Cádiz don samhradh chun a
Spáinnis a fheabhsú, bíonn craic agus eachtraí rompu agus ceachtanna ón “scoil na beatha”
chomh maith leis an scoil teanga. Ach an bhfanfaidh a rúin i gCádiz, nó an leanfaidh na heachtraí
iad abhaile?