Scéal cliste greannmhar do léitheoirí fásta atá sa phictiúrleabhar seo faoi bhean óg a sheasann an fód in aghaidh na bhfear — agus in aghaidh Rí Mumhan ach go háirithe! Athinsint atá ann ar cheann de na scéalta is breátha dá bhfuil againn sa tseanlitríocht, Ceasacht Iníon Ghuile.