Is iad laethanta saoire an tsamhraidh atá ann agus caitheann Katie a cuid ama ag spiaireacht ar a tuismitheoirí agus ar a deirfiúr, Ríona. Ansin goidtear pacáiste óna Daideo agus tugann Katie agus a cara Páidín faoin bhfiosrúchán. Tá Katie cinnte go mbeidh siad in ann breith ar an ngadaí, ach níl rudaí baileach chomh simplí is a shíleann sí, agus faigheann sí amach nach bhfuil i bpacáiste Dhaideo ach an chuid is lú den scéal.