Is geall le haislingí beaga na dánta seo; seoda smaointeoireachta, criostalaithe i bhfoirm an Haiku, a thugann móimintí léargais dúinn. Dánta a dhéanann ceiliúradh ar an nádúr dhúchasach ina músclaítear ár gcéadfaí ionas go ndéantar an cheangal atá againn leis an fhiadhúlra a dhaingniú. Is línte machnaimh ar an timpeallacht iad, a bhfuil macallaí láidre na Luath-Ghaeilge iontu. Dánta beaga iad, a phléann le ceisteanna móra.