Is cailín óg dhá bhliain déag d’aois í Faye, a bhfuil cónaí uirthi faoi chúram an stáit. Bíonn tromluithe aici go minic, ach cén fáth? Cé go mbíonn sí i dtrioblóid go minic sa bhaile agus ar scoil, déanann sí gaiscí móra ar an bpáirc peile. Is ann a chasann sí le Liam; uaidh sin amach, athraíonn gach rud. Fásann Faye aníos sa scéal seo agus í ag iarraidh a bealach féin a dhéanamh sa saol.